Síle

Ná beadh buachaillín deas aige Síle
Dá bpósadh sí mé mar fhear 
Do mharóinn an bhreacaí an dtoinn di
'San coinnín sa daoithe chomh maith
Ní iarfainn léi capall ná caoire
Airgead buí nó geall
Ach go mbfhearr liom sa mbaile mar mhnaoi í 
Ná iníon aon rí dá mhair
 
Tá máthair gan taise ag Síle
Ní bhraitheann sí croí dá slad
Mar tá sparán mór fada aici líonta
'Sí lorg talamh gan cíos ag le fear
Ba chuma béi óg nó críonna
Ba chuma léi buí no breac
Ba chuma léi cam é nó díreach
Ach go mbeadh aige caoire is ba.
 
Ní mar sin a mheasaim do Shíle
Ba mhaith léi scafaire glan
A bheadh buaclach, bacalach díreach
Ná beadh meirglach buí ná salach
Ná beadh achrannach aitheaseach nimhneach
Ná beadh ocrach-croí ná bocht
Ná beadh tomhas a dhorn le Síle
Dá bhfaigheadh sé in aon ní uirthi locht.
 
Tá mo mhargadh déanta le Síle
Is ní bhrisfeadh í Éire ar fad
In ainneoin a máthair 'sa muintir
Rachadh sé chun cinn gan stad
Pósfam sa chathair an mhí seo
Is déanad an sagart do dhíol
Ach ní dóchaí dúinn fuireach ins an tír seo
Ná bheith racaireacht síos amach.

Taifeadtaí

  • An Tobar Séimh – Cárthach Mac Craith

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: