Róisín Dubh

A Róisín, ná bíodh brón ort ná cás anois.
Tá do phardún ón bPápa is ón Róimh agat.
Tá na bráithre ag teacht thar sáile is ag triall thar muir,
Is ní cheilfear fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.
 
Tá grá agam i mo lár duit le bliain anois,
Grá cráite, grá cásmhar, grá ciapaithe,
Grá a d'fhág mé gan sláinte, gan rian, gan rith
Is to brách, brách, gan aon fháil agam ar mo Róisín Dubh.
 
Beidh an fharraige ina tuillte dearga is an spéir ina fuil.
Beidh an saol so ina chogadh craorach de dhroim na gcnoc.
Beidh gach gleann sléibhe ar fud na hÉireann is móinte ar crith
Lá éigin, sara n-éagfaidh mo Róisín Dubh.

Taifeadtaí

  • Cois Mara Thoir sa Rinn – Seán Mac Craith
  • Rinn na nGael – Nioclás Tóibín
  • Róisín Dubh – Labhrás Dráipéar

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: