Ar Bhruach na Laoi

Ar bhruach na Laoi 'san oíche do chasadh mé
Gan buairt ar m'aigne mar a shamhlíos féin
Do cuireadh as slí mé le díth mo mhearathail
I gcuantaibh daingeana nár bhfhearrde mé
Ní fheiceóinn an spéir le haon neart mo mhearathail
'S dá nochtadh an rae ní bhfaighinnse aon radharc air
Ní haon mhaitheas dom glaoch is gan éinne freagairt dom
Ag fuaim gach caise agus gárthaibh éan


Do shuíosa síos go sceimhliúil athtuirseach
Gan súil le casadh dtí le fáinne 'n lae
Fá scáth tuirdroighnigh bhí fillte fáiscithe
'S gan áras leapain agam nach é
Bhí géanna ar linn ann, míolta is maraphiuc
Éisc ag teacht de dhriom gach caise acu
Naoscaigh faoi linn is sgeimheal lachan ann
Ag teacht gan eagla trácht ón spéir.


Tá iontas éigin éan ná feadarsa
Ag déanamh neadaigh aige barr na ngéag
An fiolar 'san chuach 'gus mórchuid eatartha
Go suanmhar seascair faoi scáth na gcraobh
An druide 's an creabhar ar chrann eile in a aice sinn
An céirseach sleamhain 's an seabhac breá beathuithe
Cáig 'is colúir ina dtrúip ag teastail ann
'S smólaigh breaca 'na n-áras féin


Do bhaineas-sa féin go séimh mo hata dhíom 
Anuas dhem bhathas 'dtí barr an fhéir
Is d'fhiosruíos dhen rí-bhean fáth díth mo mhearthail
Dén tír 'n ar casadh sa bhán seo mé
An tú Pállás nó Síle nó Ríbhean t'ainm-se
Nó Clíona bhuí de shíol na carraige
Nó an ainnir thar toinn gur claoidheadh na drágúin léi.
Thug na mílte marbh le grá dá scéimh.

Taifeadtaí

  • Cois Mara Thoir sa Rinn – Ciarán Ó Gealbháin
  • Cascades of Song – Áine Uí Cheallaigh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: