Ar maidin is mé i dtaisce mo chúraim
I ngleanntan ‘s mé ag múscailt mo bhó.
Ní raibh pearsa sna bailtibh ina ndúiseacht
Ach mo chonairt go lúfar im dheóig
Do dhearcas-sa an ainnir mhodhúil mhúinte
Go raibh lasair ag loinnir 'na snó
'S bhí a basa aici á ngreadadh go tuirseach
'Sí do chasadh go dubhach ologón.
Do phreabas im’ sheasamh le rún di
Le taitneamh 'is le fonn dul na treo
Stad sealad a mhascalach mhúinte
Agus aithris dúinn fios do bhróin
An é do chéile tá marbh san uaigh uait
Nó do leanbh gan súil leis go deo
Nó do charaid a thaisteal thar triúchaibh
Go bhfuileann tú i lionndubh na ndeor.
'Ní hé mo leanbh i bhfreagra a dúirt sí
Do chorraigh ná do dh'iompaigh mo snó
Ná mo ghaolta cé gur fairsing a gcúrsa
Dá mbeidis i dtriúchaibh na dtreon
Ach faraire meanmach súgach
Do mhaithibh d'fhuil Stiúbhairt na leon
Go bhfuil a bhailte le fada dhá spiúnadh
'S a charaid go dubách 'na dheoigh.
'S a chumainn ná tigeadh mí-fhonn ort
Mar is gairid uait tosach an fhómhair
Go mbeidh scaipeadh ar an aicme seo Liútair
Nár chrom riamh a nglúna chun an oird
Go mbeidh gach faraire meanmach súgach
Go flaithiúil ‘s go fiúntach ar bord
Agus allas ar Ghallaibh dá dtúrnamh
'S a gconairt gan biúgail gan ceol.
Taifeadtaí
- Amhráin Aneas – Nioclás Tóibín