Tá Baile Uí Gháigín go bráth fé mhairg As diaidh mo scafaire breá deas ; Gach n-aon a ghabhadh a’ tslí is chun a thí do bhíodh a thaisteal, ‘S gheibhidíst iostas mí nó ráithe. Nuair a chuirtheá ort do phíob, a shíol na sagart, Nach cliste a dh’imireóthá an Hárman; I bhFlaitheas Geal Chríost, i measc na laoch atá do leaba ‘S go deimhin chuir Peadar romhat fáilte. A mhic Thomáis na gceann, guím lom ort is deacair , Leá’ agus leathadh ar do shláinte ; In Ifreann go rabhair mar gheall ar do pheaca, Ag an diabhal go raibh t’anam is garda air. Ar nós coipeadh na habhann go rabhair lag marbh, I measc tintreacha ar feadh mí báite, Mar gur dhearbhaís an fear gur bhun ós cionn an Croppy- An Paorach nárbh fhuirist é a cháineadh. Níor chreid mé riamh is níor ghéilleas a chuigint Gur traochadh poic ná táinte, Mar gurb é Éamonn Óg Paor an séimhfhear cumann De shíol is de shliocht na sárfhear. Ach deirimse féin an méid seo anois Gur san aol a chuireadh a chná’na’ ‘S ní dh’iarrfainn dh’fhaid saoil acht a cheann méith dh’fháilt scriosta Dhen tréatúir a dhein an t-informing. Eireoidh mé féineach go moch ar maidin ‘S raghad ‘dtí’n Chlais ar saothar, Nó go Gleann na hUidhre mar a mbíonn na fearaibh Is an chuaichín i mbarraí na ngéag ann. Ní airím greann ag mnáibh ná ag fearaibh Ach iad súd ag crochadh a chéile, ‘S is gairid uait an t-am go ragham araon abhaile Go Teampall Geal na nDéise.
Brí le Hárman ó Áine Uí Fhoghlú bailithe ó Chiarán Ó Gealbháin ar an suíomh SeanNósBeo: “an ‘Hárman’ a deirim, ach is ‘Járman’, nó ‘Gárman’ é, tagairt do phort rince ón nGearmáin a tháinig chugainn go luath sna 1700aí, de réir mar a thuigim”