Ar mo ghabháilt dom tríd an mbaile beag darb' ainm dó siúd Éire,
Preabann agus léimeann an osna so im' chroí
Nuair a chuimhním ar an aimsir go mbínnse féin agus mo chéad searc
Ar imeall coille craobhaí go socair 'nár suí.
Bhí dóthain don Diúic ann do phrionsa nó dá chéile
'S gach ní eile dá mb'fhéidir go dtiocfaidh 'nár líon,
An bradán geal go dtabharfad ón linn seo atá 'muigh taobh linn
Lachain agus géanna 'gus cearca beaga fraoigh.
Is pé acu bean ar buile mé, nó fé mar atáimse
Ceolta sí na Spáinne ní cheapaim go bhfuil binn,
Ó dh'imigh uaim thar farraige scafaire na mbánchrobh
Is gurb é dh'airím á rá acu ná casfar faraoir.
Tá ceo is scamaill dhorcha go follas ar mo láimhe
Is do dheasca siúd do ráinig gur chailleas féin mo chiall,
Ach ní chreidfinn óna mhaireann iad, níl aon mhaith dóibh bheith a rá liom
Dá mbeadh fhios ag mo ghrá é, go dtiocfaidh s' mé a leigheas.
Nach buartha 'bhíonn an láir go dtí an margadh nuair a théann sí
Go mbíonn an searrach ina diaidh nó go bhfilleann sí aríst
Is nach buartha 'bhíonn an bhó go mbíonn na madraí ar gach taobh dhi
Ag búirigh is ag géimnigh le heagla an lao.
Ní buartha ná mise ó 'theis an leanbh dá dtugas
Trí ráithe a dh'iompar ar imeall mo chroí
Mo pháiste bocht ag gol im'dhiaidh ó dh'imigh uaim an father
Dhe dhrom na gcnocán nó le fuinnemh taoidí.
Ar bhruach geal na Sionna gan athair gan máthair
A thabharfadh blais 'na láimh dó ná fiú an braon dí,
Tá mo bha ag teacht sa mhacha chugam, mo chaoiarigh gan áireamh
Mo chapaill ins an stábla gan chuimilt faraoir.
Tá m'intinn féin in earraid liom, is an fharraige seo taobh liom
Is n'fheadar cad é an t-áitreamh nó an baile beag 'na mbír,
Is mara dtairgse anois abhaile chugam a scafaire na mbánchrobh
Go dtitfir ins an áit seo lag marbh gan bhrí.
Mo shlánsa chun an té úd nárbh fhéidir a cháineadh
In aon chath dá dtáinig nó i láthair na dí,
Mo shlánsa chugat a chiallaigh ba bhinne guth is ráite
Ná seanchas na bhfáidhí sna ráiteachas grinn
Is pé bean eile atá anois i ndán duit a scafaire na mbánchrobh
Is dual di bheith go sásta 'gas mise gan bhrí,
Ó táimse lag cráite gan chéile gan pháiste
Gan Dia na glóire, ach ochón de shíor.
Taifeadtaí
- Amhráin ó Shliabh gCua – Labhrás Ó Cadhla
- Idir Dhá Chomhairle – Áine Uí Cheallaigh
http://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/aine-ui-cheallaigh/ar-mo-ghabhailt-dom-corn-ui-riada-2009/