Cá Rabhais ar Feadh an Lae Uaim

 Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a bhuachaillín ó?
Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a lao ghil is a stór?
Bhíos ag fiach is ag foghlaeireach, a mháithrín ó,
Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.


Cad a dh'ithis do do dhinnéar, a bhuachaillín ó?
Cad a dh'ithis do do dhinnéar, a lao ghil is a stór?
Dh'itheas sicíní nimhe ar phláitíní óir,
Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.  


Cad a 'fhágair ag d’athair, a bhuachaillín ó?
Cad a 'fhágair ag d’athair, a lao ghil is a stór?
Mo chóiste is ceithre capall, a mháithrín ó,
Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.


Cad a ‘fhágair ag do mháithrín a bhuachaillín ó?
Cad a ‘fhágair ag do mháithrín, a lao ghil is a stór?
Mo bha is mo chuid talamh, a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.


Cad a 'fhágair ag do ghrá geal a bhuachaillín ó?
Cad a 'fhagair ag do ghrá geal a lao ghil is a stór? 
Téad ard chun a crochta a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.