Ailliliú a dhuine, a chruinnigh an t-ualach Ar mhiste leat gluaiseacht nó an mairfir go bráth Bágún dod' chistin a d'oirfeadh ró-mhór duit Is má chuirfear san uaigh leat é codail go sámh Dá mhéad iad do dhlithe, d'ionmhas is d'ualach Chífirse an tuama romhat lán de na cnámha Ach de réir mar a thuigim do shintence an uair úd Ní thabharfairse an Bhuatais go Flaithis na nGrás.
Mar is dóigh liom gur chodail tú i gcraiceann mhic tíre Is an t-ainspiorad coimhthíoch ag faire ar do bhráid Ná déan dia dhed ' bholg i bpobal na ndaoine Nó an bhfeiceann tú Gaeil bhocht' le h-easnamh ag fáil bháis D'aithníos ar do dhochma lá croite na síol duit Ná raibh do chroí istigh ag smaoineamh ar eagla an bháis Ach an crann a mbíonn an toradh air ní chloiseann go gcríonann Is go bhfóire go caoin é Mac Muire na nGrást.
A bhráthair, gach filleadh a shilis go buacach Cífidh tú an buachaill úd marbh ar an gclár Córdaí go daingean á cheangal ar ghuallaibh Is go gcuirfear san uaigh é le hualach ón rámhainn Nó ar fhéach tú go minic ar dhuine a bhí i gcruatan Gheobhaidh tú do dhualgas mar a mheasaim lá do bháis Mar raghair 'sna Flaithis gan hata gan bhuatais Ach cochall ró uasal anuas ort go sáil
Ailliliú a dhuine, chonaic tú na mílte Ach ní fhaca tú Íosa a d'fhulaing an Pháis Ar Chranna na Croise 'is an chonairt á dheoladh Mar a mbíodh an fhuil Ghlórmhar' sna ceathanna ar lár A Ríon dhíl na Cruinne tríd do bhroinn gur seoladh Le haoibhneas do bhrollaigh ba mhilis a thóg é Ach an té dhein fíon den uisce, ní bhainfidh sé an choróin díot A Bhanríon na Glóire, mar a thuillis í a fháil.