Dá dtiocfá liomsa go Contae Liotroim
A phlúirín na mban donn óg
Do bhéarfainnse mil bheach agus meádh mar bhia dhuit
A phlúirín na mban donn óg
Bradáin gheala do bhéarfainn aniar chugat Fíon agus beoir le n-ól ina dhiaidh siúd
Cead codlata go séimh ar leaba chlúimh éin duit
A phlúirín na mban donn óg.
Do bhéarfainn aer na long, na seol is na mbád duit
A phlúirín na mban donn óg
Fé bharraí na dtonn is sinn ag filleadh ón dtráig
A phlúirín na mban donn óg
Tuilleadh le fáilt go bráth ní dh'iarrfainn
Ach a’ súgradh a's a’ gáire de réir mar ba mhian linn
Rince agus ceol dom' chailín sciathmhar
'Sí Plúirín na mban donn óg.
Ó ná bac do bhriathra balbh baoth
Dúirt plúirín na mban donn óg
Mar ní choinneodh do ghlórtha beo gan bhia mé
Dúirt plúirín na mban donn óg
Míle céad fearr liom bheith choíche gan aon fhear
Ná bheith ' siúl na drúchta sna bhfásach leat
Mo chroí nach dtugann duit grá ná gean
Dúirt plúirín na mban donn óg.
Mo chreach a's mo chrá gan mé fáiscithe id' nead
A Phlúirín na mban donn óg
Fé cheangal grá gan scaoileadh go bráth
Le Plúirín na mban donn óg
Níl coir dá ndéanfá a fhaoileann na háille
Ná díolfainnse a cáin, ná ní ná triallfainn a dh'fháilt duit
Is ní ligfinnse aon bhrón teacht choíche id' dháil
A phlúirín na mban donn óg.
Do chonaic mé chugam í tré lár an tslé'
Mar bheadh réalan tríd an gceo
Is do bhí mé ag caint is ag comhrá léi
Ná gur chuamar go páirc na mbó
Shíomairne síos ar lúbán ard
Go dtug mé di scriosadh fé mo láimh
Ó a Dhia sé mo chruachás mura bhfaighidh mé an bháb
'Sí plúirín na mban donn óg.