Caoineadh Liam Uí Raghallaigh

I mo bhaintreach 's 'mo mhaighdean fágadh mé go h-óg
No ar chuala sibh, a chairde, gur báitheadh mo mhíle stór
Dá mbeinnse amuigh an lá sin 's 'mo dhá láimh sa mbuille mór
Dhéanfainn dídean dhuit, a Willie Reilly, is leigheasfainndo bhrón

An cuimhin libh an lá bhí an tsráid seo lán de mharcaigh
De shagairt 's de bhráithre ag trácht ar ár mbainis
Bhí an fhidil ar ceann cláir ann 's an chláirseach á freagra
'S dháréag de na mná lána ann le mo ghrása chur ar leaba

Níor mhór duitse, a Rílligh, thú bheith ‘do chliamhain ag an rí
Agus cuirtíní gléigeala a bheith ar gach taobh díot 'do luí
Maighdean chiuín chéllí a bheith ag réiteach do chinn
'S ó luadh sinn le chéile is trua mar d'éag tú le mo linn

Níorbh ait liom scéal cráite 'bheith amáireach ag t'athair
Ná ag banaltra na gcíocha bána a thál ort 'do leanbh
Ní airím do bheanphósta nár chóirigh riamh do leaba 
Is nuair a shíl mé 'bheith 'do phógadh, is ar do thórramh a bhí an bhainis

Tá do shúile ag na péiste is do bhéilín ag na portáin
Tá do dhá láimh gheala ghléigeal ar aon-tsruth leis na bradáin
B'é do chom bhí seang séimhí is gan bhréig ba tú bhí folláin
Ach 'sé mo léan thú a bheith i t'aonraic, a Neil óg Nic Siúrtáin.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: