Céad slán chugat a Éire gídh gur léan liom tú d'fhágaint
Mar is fada óna chéile tá'n ghaoth so 'nár dtiomáint
Ar bharr na dtonn dtréan ar thaobh luinge luascán
Is sinne go dubhach déarach ag dul féachaint an oileáin.
Is a Dháth Paor na n-árann mo chás thú is mo mhairg
Ag dul ar bhórd árthaigh nó in áird' ar do leaba
Níl an t-uisce go sámh ann is gan aon fháil ar a mhalairt
Is mara bhfóirig Rí na nGrást orainn beidh an bás linn ag teannadh
Teacht aniar de Chionn tSáile bhí an t-árthach ag cnagadh
Do dh'éirigh an máta chomh hard leis an top-s'l
Do liúigh sé is do bhéic sé agus ghlaoigh ar na fearaibh
Dá bhfógairt suas báite 's dá bhfágaint sa chaise
An té chífeadh an scúnar 'sí túrnáil isteach
A barra slait ag lúbadh le gaoth anoir aneas
Farraigí ina gcubhair gheal' á múchadh gach seach
Is fearaibh bhocht` go tuirseach gan tine gan teas
Chailleamar ár máistir mo ghreidhin é go dóite
Mar gur gheall sé le meidhir dúinn bheith ag rince ar a phósadh
Dh'imigh an roundtop is an bowsprit a bhí taobh léi
Agus chaillfimís an crann murach feabhas neart na ndaoine
Maidin Dhomhnach Cásca is mé go tréith ar mo leaba
Is ná feadair mé dé'n t-áras a raibh an t-árthach ag tarraingt
Bhí an ghaoth anoir aduaidh láidir is gan fáil ar a malairt
Is sinn ag tarraingt ar an dtír a dtéann na mílte ná casann.
Feic de Noraidh, L. Ceol ón Mumhain, Baile Átha Cliath; 1965 agus Ó hÓgáin, D.(Eag.) Binneas Thar Meon, Comhairle Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath; 1994.