Cill Chais

Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad?
 Tá deireadh na gcoillte ar lár;
níl trácht ar Chill Chais ná ar a teaghlach
 's ní chluinfear a cling go bráth
An áit úd a gcónaíodh an deighbhean
 fuair gradam is meidhir thar mhná,
Bhíodh iarlaí ag tarraingt tar toinn ann
 's an t-aifreann binn á rá.

Ní chluinim fuaim lachan ná gé ann,
 ná fiolar ag éamh cois cuain.
ná fiú na mbeacha chun saothair
 thabharfadh mil agus céir don tslua.
Níl ceol binn milis na n-éan ann
 le hamharc an lae a dhul uainn,
ná an chuaichín i mbarra na ngéag ann,
 ós í chuirfeadh an saol chun suain.

Tá ceo ag titim ar chraobha ann
 ná glannann le gréin na lá.
tá smúid ag titim ón spéir ann
 's a cuid uisce go léir ag trá.
Níl coll, níl cuileann, níl caor ann,
 ach clocha 'gus maolchlocháin,
páirc na foraois' gan chroabh ann
 is d'imigh an game chun fáin.

Anois mar bharr ar gach míghreann,
 chuaigh prionsa na nGaoidheal thar sáil
anonn le hainnir na míne
 fuair gradam sa bhFrainc is sa Spáinn.
Anois tá a cuallacht á caoineadh,
 gheibheadh airgead buí 'gus bán;
's í ná tógfadh seilbh na ndaoine,
 ach cara na bhfíorbhochtán.

Aicim ar Mhuire's ar Íosa
 go dtaga sí arís chú'inn slán
go mbeadh rincí fada ag gabháill timpeall,
 ceol veidhlín is tinte chámh;
go dtógtar an baile seo ár sinsear
 Cill Chais bhreá arís go hard,
is go bráth nó go dtiocfaidh an díle
 ná feicfear é arís ar lár.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: