Cé Phort Láirge

Is buachaillín fíoróg mé go bhfóire orm rí na ngrást
Mar gur thugas searc don óigbhean i dtigh an ósta 's í ina cóiriúbhán
Níor chaith sí hata le mórchúis ná búclaí bhí déanta 'práis
Ach bhí téip i gcluais a bróigín, 'sí mo stóirín í go bhfaighidh mé bás.

Mo léan gan mise im' éinín 's mé léimrigh ó chrann go crann.
Do shuífinn ar mo chraoibh ghlais agus léifinn mo cheacht le fonn.
Do chanfainn cúpla véarsa le saor-thoil dom chailín donn,
Mar codladh ní bhfuighim-se 'dhéanamh le néallta gach oíche im' cheann.

Do chuir mé scéalta scríofa 'dtí an rí-bhean fé chuntas chruaidh.
‘S do chuir sí chugham arís iad 'gus a croí istigh chomh dubh le gual.
A com ba ghile bhí aice ná'n síoda's ná clúmh na n-éan
'S nach trom an osna ghním-se nuair a smaoiním ar ghrá mo chléibh.

'Sí Nell Breatnach a b'fhearr liom, sí mo ghrá í thar mhná an domhain
Agus líon aon ghloine amháin dom den árthach atá lán, le fonn
Tá aon ghiní amháin im' láimh agam, le grá duit do raghainn á dh'ól
Agus bíse im' choinne amárach i dtigh an ósta má mhairfir beo.

Agus thíos ag cé Phort Láirge atá an t-árthach ag fuireach le gaoth
A bhéarfaidh sinn thar sáile is go bráth bráth ní chasfad féin
Beidh m’athair is mo mháithrín is mo ghrábhán ag gol im’ dhiaidh
Nach ó raghad go Baile Uí Sheáin uaibh, céad slán agaibhse a chlanna Gael.

Beir beannach ó Rí na hAoine ar an oileáinín a bhfuilim ann
Mar go mb’fhearr liom lá is oíche ann ná bliain ar an mbaile úd thall
Mar is ann do bhíodh an ríl againn, ceol píob agus leann ar chlár
Is lán den chorn mhaol úd a bhíodh á líonadh den branda a b’fhearr.

Is éireodsa amáireach gan spleáchas le cúnamh Dé
Mar ní fhanfainn ins an áit seo go bráth, bráth ar feadh mo shaoil
‘Sé do chomhrá faonlag do chráigh is do mharaibh mé
Is a Dhia nach olc an bás atá i ndán dom má scaraim léi.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: