Chuaigh an dá Sheán is mo Sheán-sa dtí'n aonach,
D'adhnadar an sparainn is ba dheacair iad do réiteach.
Bhriseadar a gcinn agus plaoisc a chéile,
Is gurb' í bean an tábhairne do chosain mo phláitín féineach.
Curfá:
Is faigheam arís an crúiscín is bíodh se lán;
Faigheamh arís an crúiscín sláinte geal mo mhúirnín,
Is cuma liom do chúilín dubh nó bán.
Do chuireas-sa mo bheansa dtí Caiseal ag díol úlla,
An dá dhiabhal leath-phingin níor thug sé abhaile chugham-sa;
Nach mise an trua-Mhuire ag siúl na dtuatha
Ag lorg an tsean-sciobaire is an baile ró-chúng di
Nár gheibhimse bás agus nár fhága mé an saol seo
Go bhfeice mé na Sasanaigh ag stealladh na déirce
Rámhainní ar a nguallaí is iad ag tuilleamh na réaltaí
Seanabhróga briste orthu mar atá rar Chlanna Gaeil seo
Nuair a gheobhadsa bás, fágfadsa im’ uacht mé
Do chuir i dtig an tábhairne nó ag doras tí na cuaiche
Mara n-aireod na cáranna is na cnagairí á mbualadh
Is gur binne liom a gceol súd ná ceol binn na cuaiche
Fágaim-se mo bheannachtsa ag muintir ag tí seo,
De réir mar atá siad, óg agus críonna,
Mar ná bheinn-se cortha de'n gcuideachta choíche
Go bhfásaidh an cuileann tré bharr an tsean-thí seo.