Dá mbeadh agam ór agus airgead
Ní fhanfainn anseo trí seachtaine
In achrann leis an ndealús
Ach thógfainn tí thar teorainn
Fallaí arda marmair,
Fuinneoga breátha geala air
Ornáidí an tsaoil ann bailithe
Is chuirfinn díom chun bóthair.
Thógfainn seol chun farraige
Dá mbeadh an domhain fé m’aitheantas
Fáilte in gach halla romham
‘s gan ci ná glas ar dhóirse
Ach cad a dhéanfainn féin le m’asailín
Is lem’ ghabhar a thugadh bainne dom
An botháinín is an garraí beag
An cat is an gadhairín gleoite
Sé crá an tsaoil seo an t-airgead
Bíodh sé gann nó fairsing agat
Beidh rud go deo in easnamh ort
Mar an gad atá insan
Fallaí arda marmair,
Fuinneoga breátha geala air
Ornáidí an tsaoil ann bailithe
Is chuirfinn díom chun bóthair.