Nach ró-bhreá an dúthaigh a mbéarfainn liom thú
Go Cois Abha Móire na nDéise
Mar a mbíonn an smóilín is an lon go ceolmhar
Is fia na mbeann dhá thraochadh
Bíonn torthaí cumhra ar chrannaibh lúbtha
Is bláth na n-úll ar ghéaga
An chuach gan amhras i dtúis an tSamhraidh
'S an traghan ag labhairt insan bhféar glas.
Ná pós aon smíste de bhodach críonna
Nó beidh sé choíche in éad leat
Beidh sé ag bruíon leat de ló 's istoíche
'S ag casadh gníomhartha an tsaoil leat
A chuid is a mhaoineach ná tuig i d'intinn
Nach í an fhírinne a dheinim
Is gaibh led’ bhuachaill ó Chois Ábha Móire
Ná cuirfidh gruaim le do shaol ort.
Is inis dod’ athair nó dod’ mháthair
Pé acu is fearr leat féineach
Ná fuilimse fálta bocht ná cráite
'S ná raghad ar scáth aon scéil leo
Mar tá agam áras fairsing fáilteach
Is lán-eastát dá réir san
Imrím táiplis le fearaibh ghalánta
Lucht Laidin ard agus Gréigis
Ní neosfead dom’ athair nó dom’ mháthair
Pé acu is fearr liom féineach
Mar ní gnáth san cruach ná stáca
Ag máistir scoláirí in aon chor
Ach tá mé ag rá leat go bhfuil mé i ngrá leat
Thar a bhfuil ar chlár an tsaoil seo
Seo ball mo láimhe duit is glac le páirt í
'S do mhalairt go brách, brách ní déanfad.