Dónall Óg

Siúd é an Domhnach a thug mé grá duit
An tarna Domhnach roimh Dhomhnach Cásca
An sagart ar a ghlúine is é ag léamh na Páise
Bhí mo chroí agus m'intinn ag leá le grá dhuit

Bhain tú thoir díom is bhain tú thiar díom
Bhain tú gaoth agus bhain tú grian díom
Bhain tú aoireacht na mbó fán sliabh díom
Agus siúd is dóigh liom gur bhain tú Dia dhíom

Dúirt tú liomsa ach dhein tú bréag liom
Go mbeifeá romham ag cró na gcaorach
Scaoil mé fead & dhá chéad glaoch ort
Ach ní bhfuaireas romham ann ach drúcht is féar glas

Chonaic mé uaim tú is mé i ngáirdín
I measc na gcrann is na lilí bhána
Chrom tú do cheann is níor dhein tú aon gháire
Is ansúd a dh'aithin mé ná rabhais i ngrá liom

Tá mo chroí istigh chomh dubh le háirne
Nó le gual a dhófaí i gceárta
Nó le bonn seanbhróige a bheadh i lár hallaí bána
Nó le crann a dtitfeadh bláth de, géag inniu is géag amárach.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: