Éamonn an Chnoic

Cé hé sin amuigh a bhfuil faobhar ar a ghuth
Ag réaladh mo dhorais dhúnta
Mise Éamonn a' Chnoic atá báite fuar fliuch
Ó shíor shiúl sléibhte is gleannta
A lao ghil 'sa chuid cad a dheannfainnse dhuit
Muna gcuirfinn ort binn dhein gliúna
'S go bhfuil púdar go tuibh go tuibh dá shíor shéideadh leat
'S go mbeidmid ar aon múchta

Is fada mise amuigh faoi shneachta 's faoi shioc
'S gan dánach agam ar aon neach
Mo sheisreach gan sgur, mo bhranar gan chur
Is gan iad agam in aon chor
Níl carad agam, is damid liom san
Do ghlacfadh mé moch ná déanach
Is go gcaithfidh mé dul thar na farraigí soir
Os ann nach bhfuil aoinne dhein ghaolta

A chúil álainn deas na bhfáingí cas
Is breá is is glas do shúite
Go bhfuil mo chroíse dá shlad mar do ghíomhtaí gad
Le bliain mhór fhada ag tnúth leat
Dá bhfaighinnse le ceart cead síne síos leat
Is éadtrom 'is deas do shiúlfinn
Go bhfuil mo smaointe a bhean ar éalú leat
Fá choilltibh ag spealadh an drúchta

A Chumainn 'sa shearc, rachaidh mídne seal
Fá choilltabh ag spealadh an drúchta
Mar a bhfaighimid an breac is an lon ar a nead
An fia 'is an puc ag búithre
Na héiníní binne ar ghéigíní seinim
'S an chuaichín ar bharr an úirghlais
Go bráth bráth ní thiocfadh an bás inár ngoireacht
I lár na coille cúmhatha.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: