Éamonn Mhágáine

Idir Chaiseal & Durlas do dhearcas mo rúnach
Go hatuirseach tabhartha am' choinnibh sa ród
Do labhair sí go tláith liom de chomhrá bhinn mhánla
Is do chuir sí romham fáilte & céad míle póg

Seo litir óm' athair & beannachtaí om' mháithrín
Á dtabhairt anseo id' láthair a ógánaigh óig
Go bhfaighfeá-sa na táinte le Spré stoc le n-áireamh
'Gus mise mar bharr ar sin choíche is go deo

Agus inis sé dod athair is gan dearmad dod ' mháithrín
Go bhfaighfeá mé le pósadh a chailín bhig óig
Ach go bhfuilimse in áirithe le bliain is trí ráithe
Ag iníon Sheáin Dáibhís Ó Chondae Mhuigheo

Is ná bíodh sé le hinsint anois ort ná choíche
Fill abhaile chun do mhuintir a chailín bhig óig
Mise Éamonn Mhágáine nár ias riamh le náire
Is gheobhair i Sliabh Bán mé nó san áit is mó ceol.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: