Do sheolfainn féin na gamhna leat, Éileanór a rún
Do sheolfainn féin na gamhna leat, Éileanór a rún
Do sheolfainn féin na gamhna leat amach fésna gleanntaibh leat
D'fhonn a dhul i gcleamhnas leat, Éileanór a rún
Do raghainnse 'dtí an aonach leat, Éileanór a rún,
Do raghainnse 'dtí an aonach leat, Éileanór a rún
Do raighainnse ‘dtí an aonach leat, do thiocfainn abhaile in éineacht leat
D'fhonn go mbeinn i m'aonar leat, Éileanór a rún, Éileanór a rún
Do raghainnse thar sáile leat, Éileanór a rún,
Do raghainnse thar sáile leat, Éileanór a rún
Do raighainnse thar sáile leat, i gcontúirt mo bháite leat
D'fhonn mé a bheith páirteach leat, Éileanór a rún.
An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú, Éileanór a rún,
An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh, Éileanór a rún
Tiocfaidh mé, is ní fhanfaidh mé, sáthaigh romham is leanfad thú
'Grá mo chroí i nganfhios thú, Éileanór a rún
Céad míle fáilte romhat, Éileanór a rún,
Céad míle fáilte romhat, Éileanór a rún
Céad míle fáilte romhat, naoi gcéad míle fáilte romhat
Fáilte agus fiche romhat, Éileanór a rún