Éire

Aréir is mé go huaigneach im' luí ar mo leaba im shuan dom
Ag smaoineamh ar na cruabhearta fém thuairim 'bhí im' chóir,
Nuair a tháinig an ríbhean uasal, is lém' thaobh gur shuigh sí suas liom,
Ba bhinne liom a duanta ná a dh'airíos riamh dhe cheol.
'Sí coisín deas i mbróigín is a coimín snoite cóireach
A píb ba ghile is dóigh liom ná an eala ar linn ag snámh,
Bhí a guth chomh binn le smóilín is a grua mar na rósaí
Is a cúilín croithreach ómrach ag sileadh léi go sáil.

D'fhiasríos féin dhen ríbhean cá háit nó tír ar díobh í
Nó an baile poirt 'na mbíodh sí nó an bean í 'thit i mbrón,
Go dtáinig sé nár dtimpeall chomh déanach so san oíche
Gan aoinne beo dá coinnleach ach í 'síor sileadh deor.
An tú Pálás nó an tú Véineas a bhí pósta ag Vulcan béaldhuibh
An tú Ariadne nó Dido gan ceo
An tú Juno nó fair Helen a thug barr is gean ón nGréig léi
T'ainmse anois ba mhéin liom, nó cá bhfuil do ghnó?

M'ainmse anois más méin leat i dteanga chliste Ghaeilge
Gur bean thar lear i gcéin mé gan aon stoc ná stór,
Is go bhfuil mo chlann dá céasadh ag clanna Gall fé dhaorsmacht
Coistí crua dá ndaoradh 's gan aoinne 'teacht 'na gcóir.
Beidh siad ansiúd ar thaobh chnoic is a ndrumaí acu á bpléascadh
Ag cur na bhfear le chéile 's a ngunnaí deasa i gcóir
Beidh Colonel Wallace tréithlag gan brí ná lúth 'na ngéaga
Ag bodaigh an fhill 'san éithigh s' gan aoinne acu ar an bhfód.

Tá fórsaí móra i Londain ag teacht anall dár n-ionsaí.
Ach de réir mar a deir na húdair, ní éireoidh sé leo,
Mar tá scata d'fhearaibh mhúinte ón Fhrainc sa tseilg rompu
Fir mhaithe thapaidh lúfar nach ndiúltódh don ngleo,
Ag cur faobhair ar a gclaímh le dúthracht nó seal ag scaoileadh fúthu
Is gach dá bhfuil ag tnúth leo ag súgradh is ag spórt.
Beidh an Duke of York is a thrúpaí go traochta, tuirse túirse
'Sí Beití a dhein an mhúscailt a bheidh dúbalta fé bhrón.

Tá an Sasanach diabhal seo i dteannta an Preisbitéirian fannlag
Is an Quaker milis mealltach gan dabht ann fé bhrón
Beidh Swadiléirí i mbrannraí lucht Seekers crochta ar chrann ann
Is an tOrangeman gan amhras go ramhar ar a thóin
Beidh curaí móra scallta in Ifreann thíos gan amhras
Ministéirí ag rince ann is a ramhar gcorp á ndó
‘Sé an rann atá ag an ndream úd sliocht Liútair mhéirligh an chlampair
Is geallaimse anois gan amhras go bhfuil an scanradh os a gcomhair

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: