Eochaill

Maidin Domhnaigh is mé ag dul go hEochaill,
Do chasadh an ógbean orm sa tslí,
Bhí a grua ar áilneacht ar sileadh tóirse,
Is ba bhinne a ceol ná ceolta sí.

Do leagas mo lámh ar a bráid le mórtas,
Is dh'iarras póigín ar stór mo chroí,
'Sé dúirt sí, stad is ná strac mo chlócha,
Mar go bhfuil fios do ghnósa ag bean do thí.

Seo mo lámh duit nach bhfuilim pósta,
Is ná cuirim aon stró orm ag siúl na slí,
Mar dá dtriallfá liomsa thar n-ais go hEochaill,
Do chuirfinn cóir ort mar aon bhean tí.

Chuirfinn 'high caul cap' i gceart is i gcóir ort,
Gúna, clóca is caipisín,
Is beidh siopa dram againn den bhfíon is den bheoir ann,
Is do leinbh dóighiúil ag ól do chích.

Is níl ach tamall ó dh'fhágas Eochaill,
Ní ligeann an brón seo orm filleadh arís,
Mar go mbíonn mo mhuintir i bhfeirg mhór liom,
'S ní bhfaighinnse fóirithint ó mo chairde gaoil.

Mar leath a n-abair siad ní dhéanaim a gcomhairle
Ach buailim an bóthar de ló is d'oíche.
Is cailín scaite mé atá siúl an bhóthair
Ag lorg m'eolas go Cheapach Choinn. 

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: