Fiach an Mhadra Rua

Ar airíomhar an scéal a bhí ‘gainn um Fheil’ Bhríde
Nuair a tháinig na capaill ‘sna marcaigh seo taoi’ linn,
Fiach an mhadra ‘dhein díobháil na ndaoine,

Curfá:
San rol do dol ...

Bhí Seán Gealbhán ann ‘s Tomás Ó Mathúna
Bhí, ar mh’fhallaigh is fearaibh an dochtúra ann,
Bhí Pad Ghríobhtha thíos roimhe ar an Móta.

Bhí Artur Antaine on tSean-Chluain ann,
Peaid Tóibín ar ard a’ tSeipéil ann;
Mártan Shíocháin, mo ghreidhn go deo é,
Mar ‘sé a chuir an madra tré Mhaoil a’Chóirne.

Bhí Risteard Ó Corráin ar dhrom a chapaill
Bhí, ar mh’fhallaing, is Liam Ó hArta
Bhí Paidí Sheáin is cá bhfagfaí Meachair.

Bhí Muiris na nGearaltach ar ard a’ talún roimhe,
Bhí Seán Treo is cliamhan Nóra Barúin ann
Mná Cheann a’ Bhachalla, is bhodhradar mé liúraigh.

D’fhiachamar linn soir é tré bhun Fhaill a’ Chláraigh,
Siar na cnoic ‘s tré splainc Charraig Álais
Thuas ag an Watch-House do chuireamar i bpoll é,
San rol de dol ...

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: