Iníon an Fhaoit ón nGleann

Maidin cheoch nuair a dh’éiríos,
Is do ghabhas amach ’sna coillte,
Is ansúd do bhuail an treighid mé
Ná leigheasfar faraoir.
Do chuala an bhruinneal mheidhreach
I lúb na coille ag éisteacht
Is do las mo chroí le greidhin di
Nó gur dea-bhean dom í.

Siúil a chuid, bí ag gluiseacht
Gan scíth, gan stad, gan fuaradh;
Tá an oíche ghairid Shamhraidh ann,
Is beam araon ar siúl.
Gheobhair aoibhneas bailtí móra
Is radharc lem’ taobh ar chuanta
Is a Dhia nach ró-bhreá an uain í.
Le h-iníon an Fhaoit ón nGleann.

Dá mbeinnse lá breá gréine
Im’ shuí ar bhinn an tsléibhe amuigh
An londubh is an chéirseach
Ag seinm os mo cheann
Ba deas a scríobhfainn bhéarsa
Is b’ionadh leo mar léifinn
I ngrá bheith suite taobh leat,
A Iníon an Fhaoit ón nGleann.

Táimse lán de náire
Tré gach beart dá ndeárna
Mar is buachaill mé bhí dána
Gur chaill mé mo ghreann
Ach ní beo mé mí ná ráithe,
Muna bhfaighidh mé póg is grá uait
Cead sínte síos led’ bhánchnis,
A Iníon an Fhaoit ón nGleann. 

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: