Gráinne

Ce h-í siud a chím ag tarraingt chughainn anair
No fós cad is brí lena cuairt chughainn?
Sí Gráinne mhilis mhaol í a chaill a teanga féin
'S atá chughainn go tréan ar a tuairisc.

Cúrfá

Ó labhair léi go séimh deas i dteanga bhinn na hÉireann
Is tabharfad-sa an chailc is an clár liom
Ná bíodh eagla ar an mbé beidh sí eadrainn araon
Agus múinfimid Gaeilge do Ghráinne.

Bhí Gráinne bhocht go tinn ‘gus bhí banaltra 'n feidhil
A chuir meabhrain is pian uirthi in éineacht
Mar thuig sí leis an mBéarla agus thréig sí a teanga féin
Ach ná bimís go h-éagnach sa mhéid sin

Cúrfá ... 

Nach lom í a h-aghaidh is nach fann í a caint
Is é an feall mara bhfaighidh sí a sláinte
Ach labhraimisne léi agus meallfam an bhé
Agus tabharfaimid saor linn ón mbás í

Cúrfá  ...

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: