Is tú an chabhair bhuan, shéimh,
Do mhairnéalaigh ‘is d’iascairí,
Do sholas síor ag lonradh leis
Trí dhorchadas fada na hoíche
Treoraigh sinn ar shlite Dé
Go h-órghealaí na beatha síorraí.
Curfá
A Te leviamo un cantico di lode Gloria amor.
A Te leviamo un cantico di lode Gloria amor.
Fanann cuimhne bhuan le cách
Ar do bheatha lách, umhal;
Ag lonradh romhainn tá do shampla lách
Féile ghrámhar, fhíor-fhlaithiúil
Anois faigh dúinne sruth na ngrás
Féirín breis’ ó Rí na nDúil.
Curfá ..
Tú ba chúis le casadh chughainn
Tailte diamhra oirthir-chríoch
D’aontaigh iad le ceangail bhuan
Creideamh ‘is oidhreacht fhíor
Leis an Róimh a thugann cluas
Do gach anam dílis, diaga
Curfá ...