A chailíní an bhaile seo, dinidhse brón dem scéal
Mar is cailín bocht mise atá clipithe cráite ón saol;
Thugas cumann don duine ba bhinne is ba bhreátha ceol,
‘S do chuaidh sé ar bord loinge, ‘s é Jimmy mo mhíle stór.
Bíonn m’athair ‘s mo mháthair in earraid ‘s ag bruíon liom féin
A rá gur lem boige a mealladh mé i dtús mo shaoil;
Bímse go dubhach á fhulaing ‘s ag sileadh na ndeor
Le cumann don duine úd, ‘s é Jimmy mo mhíle stór.
Bliain is an taca seo d’imigh uaim grá mo chléibh,
‘S ní thiocfaidh sé abhaile go dtabharfaidh sé cúrsa an tsaoil;
Nuair a chífinn é rithfinn le fuinneamh ró mhór ‘na chomhair
‘S do chumhróinn le mil é, ‘s é Jimmy mo mhíle stór.
Raghadsa chun coille is caithfead ann deireadh mo shaoil,
In áit ná beidh éinne, ach ag éisteacht le ceol binn na n-éan,
Ag bun an chrainn chárthainn mar a bhfásann ann féar go leor
Is leáfad ón sileadh le cumann dom mhíle stór.