Láirín Cheanainn an Phaoraigh

I
Ó éistigí feasta liom féinig,
Agus neosfaidh mé scéilín duain,
Ar láirín cheann-fhionn an Phaoraigh;
Go maire sí ’réim go buan!
 
Níl ao’ chapall ar thalamh na hÉireann, 
Ná rachadh sí’r éigin uaidh.
Do fhág sí an baile dá mhéid é-
Agus choinnigh sí’n sway i dTráigh Mhuair.
 
II
An té bheadh i dTráigh Mhuair a dá lá úd,
Chífeadh sé an sár-fhear groí,
Gur b’ainm do Máighistir Seán Paor é,
Ó Lios na gCocán seo thíos.
 
Sí a chapall a bhuaidh an dá lá úd,
Mar is í nár chuir suas do ao’ chlaí;
A’s chuir sí as inead gach lá ann,
An ‘Spitfire’ ‘s an ‘Fairy Queen’.
 
III
Nuair a chuadar na marcaigh i n-áirde,
Bhí gach aoinne ag fágáil na slí,
‘s dharigheadar fuaim ag na hard-phoic,
Ag cur geallta ar a’ ‘Fairy Queen’.
 
Nuair a fuaireadh a’ focal chun tiomána,
‘Siad a’ déanadh ar a gceathrú claí,
Bhí cosa mór-sheisear i n-áirde,
‘s an láirín i dtúis na slí.
 
IV
An an gcúigiú lá fichead de October
‘sea bhíomar ‘s gleó in ár gcroí,
Féachaint an láirín an óig-fhir
Dá cimilt le rópaí buí.
 
Bhí morán eile fé bhrón ann,
Ag sileadh na ndeór go fuídheach;
Bhí marcaigh ‘s capaill ann leóinnte,
Bhí i bhfad i gcreidiúint sa tír.
 
V
Tháinig an Séa(ghdha)ch lá’r na bháireach,
Agus labhair leis a’ sár-fhear groí;
Dhiarr sé tamall dá láir air,
‘s go ndéanfadh sé féin í mharcaíocht.
 
Dúirt sé go dtabharfadh ‘s fáilte,
Dá dtuitfeadh sí i lár na slí,
C(h)uir sin deich bpunt (is daichead) ‘na phóca,
Mar rinn’ sí fé dhó an gníomh. 
 
‘[Amhrán an-choitcheann ar fuaid na nDéise é seo. Sé an chéad ceann a fhoghluimigheas riamh é. Tá ana mheas ag na sean-Ghaedhil air]’, lch 37.
 
Ó Foghludha, Mícheál. Cuisle Ceoil. Coláiste Deuglán, An Áird Mhóir: 1924.
 

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: