Éinín na hOíche

Tá éinín milis ó thitim na hoíche
Ar ghéigín suite go triopallach líofa;
Ceol níos binne ní chluinim ar aon chor,
Thógfadh sé tinneas de dhuine bheadh tréith leis.
Fáilte ‘gus fiche romhat, éinín na hoíche,
Sláinte gan briseadh chugat, eínín na hoíche;
I m’aonair gan duine ‘gus tuirse ar an gcroí ‘gam,
Is déirc liom do chuileachta, éinín na hoíche.
 
 
 
Bíonn éin ar inneall i bhfochair a chéile,
Tar éis gach filleadh de sholas na gréine;
Is cé gur milis a chanaid in éineacht,
Id’aonair chuirirse scamaill ar éigin
Fáilte ‘gus fiche romhat, éinín na hoíche,
Sláinte gan briseadh chugat,  eínín na hoíche;
I m’aonair gan duine ‘gus tuirse ar an gcroí ‘gam,
Is déirc liom do chuileachta, éinín na hoíche.
 
 
 
Mo cheol thú, a chara, nár thaga ort choíche,
Brón ná mairg ar bharr do chraoibhse;
Dá mbeadh leath do chuid céile³ ag² na daoine,
B’álainn a mhairidís, éinín  na hoíche
Fáilte ‘gus fiche romhat, éinín na hoíche,
Sláinte gan briseadh chugat,  eínín na hoíche;
I m’aonair gan duine ‘gus tuirse ar an gcroí ‘gam,
Is déirc liom do chuileachta, éinín na hoíche.

Pádraig Ó Miléadha do chum

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: