Preab San Ól

Is iomaí slí sin do bhíos ag daoine
Ag cruinniú píosaí is ag déanamh stóir,
'S a laghad a smaoiníos ar ghiorra a’ tsaoil seo,
Go mbeidh siad sínte faoi leac go fóill.
Más tiarna tíre, diúc no rí thú,
Ní cuirfear pingin leat ‘s tú ‘dul faoin bhfód,
Mar sin is dá bhrí sin, níl beart níos críonna
Ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.

Tá dream de dhaoine le ba is le caoirigh,
Ag dul chun aonaigh is ‘fáil sochar mór,
Á gcur chun cíbe is as sin chun mínligh,
Sin pointí críonna feictear dhóibh.
Tógaim fianaise ar an mbuíon seo,
Go mbeidh siad sínte faoi leac go fóill.
Mar sin is dá bhrí sin, níl beart níos críonna,
Ná bheith go síoraí ag cur preab san ól. 

Is olc an tslí bheith ag ardú cíosa,
Ag déanamh daoirse agus tribute mór,
Ag cur na ndaoine ó theach ‘s ó dhídean,
Ní faraoir atá cinnte dóibh,
An té a níos sin, is dó is baolaí,
A bheith in íochtar á bhruith is á dhó.
Mar sin is dá bhrí sin, níl beart níos críonna,
Ná bheith go síoraí ag cur preab san ól. 

An long ar sáile níl cuan ná cearda
Nach gcaithfeadh cairde ar fud an domhain mhóir,
Ó ríocht na Spáinne 'gus suas Gibraltar,
'Gus ins an áit a mbíonn an Grand Signiór,
Le gach cargo ag líonadh málaí
Ní choinneodh an bás uaidh uair nó dhó,
Mar sin, a chairde, níl beart níos fearr dúinn
Ná bheith mar táimid, ag cur preab san ól. 

An ceannaí craosach nil meon ná slí ar bith
Le ór a dhéanamh nach bhfeictear dhó,
An ráta is daoire ar an earra is saoire,
Is ar luach sé phinge de cuirfeadh coróin;
‘S do réir chaint Chríosta is ní do-dhéanta
An camall cíocrach ‘thabhairt tríd an ghró;
Mar sin ‘s dá bhrí sin, níl beart níos críonna
Ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.

Is gearr an saol ‘tá ag an lílí sciamhach
Cé gur buí agus gur geal a ghabháil,
Is Solamh críonna ina chulaith riúil
Nach bhfuil baol air in áille dhó.
Níl sa tsaol seo ach mar soinneán gaoithe,
Ga a scaoiltear nó slám de cheo:
Mar sin ‘s dá bhrí sin, níl beart níos críonna
Ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: