Príosún Chluain Meala

Dh'imíos-sa óm mhuintir le haird-intinn an tsaoil,
Liostáil mé san arm is níor dh'fhan mé ach bliain;
Dhein mé 'deserting', ar an mbaile 'raibh mo thriail
Is i bPríosún Chluain Meala 'tá mo leaba le bliain.
 
Tá mo shrian is mo dhiallait ar iarradh le tamall,
Tá mo chamán ag liachadh is ag fiaradh fé'n leaba,
Tá mo liathróid á bualadh age buachaillí an bhaile,
Is mar bharr ar gach scéala mise daortha i gCluain Meala.
 
Ó do bhí mé im 'bhuachaill ba stuama bhí sa mbaile,
Dhéanfainn súgradh nó gáire nó pléirác ar fhaiche;
Do bhuailfainn poc báire chomh hard leis na fearaibh
Is a dhaoine na n-árann nach cás libh mo dhalladh?
 
Do chuireadar ar chúirt mé, mo shúirse 's mo dheacair!
Ó Chluain Meala go Port Láirge i mbáidín ar an gcaise;
Bhí buachaillí óg' ann, mná pósta 'gus a bhfearaibh
Is mo Neilí go dubhach deorach ag siúl na mbóithre lem leanbh.
 
Táim bliain ann go cráite is mo mháithrín fé mhairg,
Tá mo liathróid á bualadh age buachaillí an bhaile,
Tá mo shrian is mo dhiallait fé iarthar mo leaba,
Is mara bhfóirfidh Dia na ngrásta orm beidh an bás liom ag tarraingt.
 
Bliain is lá amárach sea dh'fhágas an baile,
A' dul go hArd Phádraig 'cur lásaí lem hata;
Bhí Buachaillí Bána ann agus rás acu ar Ghallaibh 
Agus mé go dubhach deorach i bPríosún Chluain Meala.
 
A Chiarraíg bígí a' guí liom ... is bog binn liom 'úr nglórtha
Is beag a shíleas-sa choíche ná béarfainnse beo oraibh
Go mbeidh ár dtrí cinn-ne ar thrí spící mar seó acu,
Fé sneachta na hoíche is gach síon eile á ngeobhaidh chughainn.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: