An Páistín Fionn

Grá mo chroí mo pháistín fionn,
A croí is a haigne ag gáire liom,
A cíocha geala mar bhláth na n-úll,
Is a píob mar eala lá Márta.
 
Curfá:
Is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
Is tusa mo rún, is mo ghrá geal,
Is tusa mo rún is mo chumann go buan,
Sé mo chreach gan tú agam ó do mháithrín.
 
Cara mo chroí mo pháistín fionn
A dá ghrua ar lasadh mar bhláth na gcrann,
Táimse saor ar mo pháistín fionn,
Ach amháin nuair a ólaim a sláinte.
 
Curfá:
Is tusa .....
 
Bhí mé naoi n-oíche i mo luí go bocht,
Ó bheith sínte faoin díle is mé idir dhá thor,
A chumainn mo chroí is mé ag smaoineamh ort,
Is ní bhfaighinnse le fead nó le glaoch thú.
 
Curfá:
Is tusa .....
 
Ó tréigfead mo mhuintir is mo chairde gaoil,
Agus tréigfead a maireann de mhná an tsaoil,
Ní thréigfead le mo mharthain thú, a ghrá mo chroí
Nó go sínfear i gcónra faoi chlár mé.
 
Curfá:
Is tusa .....

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: