Ráiteachas na Tairngreacht’

Aréir is mé go tláith lag, go tabhartha tnáite in easpa chirt,
Sea dhearcas ag teacht i mo láthair an bhean dob áilne fionnachruth.
Bhí gruaig a cinn go búclach buí ina slaoda síos go talamh léi.
Is le glór a béil gur bhuil sí an draíocht ar cheolta sí na Banba.
Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht'.
 
Tiocfaidh aon-mhac phrionsa an chomhraic gurb ainm dó siúd Bonaparte
An tImpire is an Spáinneach ag cur gárda leis go hAlbain.
Ní bheidh siúd choíche sásta le háitreabh rí na Sacsan a fháil,
Gan buachan cruinn le faobhar a gclaíomh go mbainfidh díol a n-athar dóibh.
Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht'.
 
Tiocfaidh cabhair agus fuaim orainn, is béim' go léir go haiteasach,
Agus glaofaim' ar ár gcúanamh chun dúbailt' ins na rainceanaibh
Agus séidfim' adharc is biúgal, galltrump' ar dtús an chatha amuigh
Beidh smáil is bleast an phúdair ag baint smúit as croíthe na Sasanach,
Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht'.
 
An pílear glas ní fearrde é an áit go mbeidh a thaisteal ann,
Mar níl sa bhfear is fearr acu ach spreallairín dubh Sasanach
Agus sáfaim' fán a lár iad is ní taise do na hOrangemen
Go mbeadh fiacha dubha is a ngearrcaigh ag baint sásamh as a gcreathachaibh,
Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht'.
 
Le linn dul i bpáirc dhaoibh, bainí go léir bhur hataí dhaoibh
Is guí chun Muire Máthair an lá do dhul ar Ghall-phoic.
Beidh sagairt, easpaig, bráithre is an Pápa ceann na heaglaise,
Ag guí chun Dé gach  lá le fonn an fán do chur ar Shasanaigh,
Is a chlanna Gael do crádh sinn ag ráiteachas na tairngreacht'.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: