Raidhrí Álainn

Oíche roimh fhéil’ Sheáin is mé ar mo shámh leaba sínte,
Sea chonnacas samhailt mo mháthar go cráite is í síor-ghol,
A rá – “Eirigh id’ shuí. A Phádraig, is is cráite bheidh an croí ‘gat,
Tré bhás do dheartháir álainn ‘sea d’fhágas an Cnoc Buí ‘muigh.”
 
“Fóill a bhean, na h-imigh uaim go neasair brí do scéil dom,
Is deacair a chur  i dtuiscint dom go bhfuil an scafaire sin traochta,”
Sé duirt sí – “Is bean gan ghangaid mé is níor chleachtas riamh an t-éitheach,
Ag Crosaire an Lodain mo dhíomá do ghabhadh de philéar air.”
 
Níor shroiseas-sa an crosaire go headarach an lae úd,
Is fuair é romham, mo scafaire is é sínte ar shoipín féir ann.
Gan aoinne beo dá charaid ann a snachadh ná a ghléasadh
Acht saighdiúirí ó Shasana is a mbaignití taobh leo.
 
Do dhruideas leis an oifigeach is labhras-sa go séimh leis
A rá “cad a dhein an cholann bhocht na bainfí dhe a chuid eadaigh?”
Ba ghearr a bhíos gan freagra is go deimhin ba dhubhach mar scéal é
Na leomhfaí mear do leagaint air go dtagadh na Croineirí
 
Scríobhfaidh mise litir ‘gus cuirfead í fé shéala
Síos go dtí na Cumracha nó an maireann siad ar aon chor?
Níl aon bhaile cuain ó Lios Mór go Cluain Fhiaidh Paorach
Ná beidh ag teacht ‘na sluaite ‘gus fuain acu ar t’eileamh.
 
Bhí lá ‘ge Ruaidhrí Álainn is bhí lá ‘ge mar a bhí sé
Bhuailfeadh sa chromán iad is d’fhágfadh ansúd iad sínte.
Ní raibh gadhar ná coileán díobh ar phátrúin ná ar aonach
Ná déanfadh Ruaidhrí Álainn snáth díobh le n-a chail-bhois.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: