‘S an bhfaca tu m’óig-fhear-sa gabhailt amach
Ar maidin le h-éirí an lae?
‘S an bhfaca tú m’óig-fhear-sa gabhailt amach
Ar maidin le fáinne an lae?
A dhá ghéag chanta dar ndó ba dheas
Is a leaca ar dhath na gcaor,
Is go deimhin a bhean ba dheas a ghean
Ar maidin le fáinne an lae.
Raghad-sa chun coille agus fanfad ann seal
Go dtiocfaidh chugham grá mo chléibh.
Raghad-sa chun coille agus fanfad ann seal.
Go dtiocfaidh chugham bláth mo shaoil.
Mo rún, mo reacht, mo bhuachaill deas,
Mo chuaille ar feadh mo shaoil
Is go deimhin a bhean beidh a theacht thar n-ais
Ar maidin mar dhrúcht ón spéir.
Chím-sa mo mhaoin-sa chugham ag teacht
Ar maidin mar dhrúcht on spéir
Chím-sa mo mhaoin-sa chugham ag teacht
Ar maidin mar theidil ón ngréin.
Mo rún, mo reacht, mo rí-fhear ceart,
Mo dhíon-sa ar feadh mo ré.
Is go deimhin a bhean is liom-sa an teacht
Ar maidin mar theidil ón ngréin.
Nioclás Tóibín do chum
Taifeadtaí
- Danú – Cárthach Mac Craith