A Mháire Mhilis Bhreá

A Mháire mhilis bhreá,
Do dh'fhuig an saighead seo im' lár,
Ní leigheasfar in Oileán na Fódhla,
'S do bhéarfainn dar mo lámh
Dá bhfaighfeá féin mo chás,
Ná ligfear mé i mbás gan fóirthint.
Ní chaithim unsa bídh,
Ní chodlaím néal ó luím,
Níl tapa ionam ná brí ná scáil bheag.
Mara bhfaighfidh mé uair nó scíth
Le dianghrá lár mo chroí,
Ní mhairfidh mé beo mí ná ráithe.

Níl fios a leigheas mo chrá
Ag aoinne beo le fáilt
Ach amháin ag an mnaoi seo do bhreoigh mé.
Níl mo leigheas ar mhuir ná trá,
Níl mo leigheas ar luibh na lá(mha),
Níl mo leigheas ach ag bláth na hóige.
Ní dh'aithním lon thar chuach,
Ní dh'aithním teas thar fuacht,
Ní dh'aithním aon uair mo chairde.
Ní dh'aithním oíche thar lá
Ach dh'aithneodh mo chroí mo ghrá
Dá dtagadh sí i dtráth agus fóirthint.

A Mháire is tú mo ghrá,
A ghrá mo chroí do chrá,
Grá sin gan donas gan aon éislinn;
Grá ó aois go bás,
Grá ó bhaois go fás,
Grá a chuirfeadh go dlúth fé chéim mé.
Grá gan súil le saol,
Grá gan tnúth le spré,
Grá do d'fhág mé cráite i ndaorbhroid.
Grá mo chroí thar mhnáibh
Is a shamhail siúd de ghrá;
Is annamh é le fáilt ag aon fhear.

Fóir, a chumainn, déan,
Is tabhair 'om phóg ód' bhéil,
Is tóg anois chugat féin ón mbás mé;
Nó ordaigh leaba chaol
I gcomhra chluthair deil
I bhfogas don daol 's dá chairde.
Ní beo mo bheo acht éag,
Ní glór mo ghlór ach gaoth,
Níl snua orm saol ná sláinte,
Ach go deorach brónach tréith
Gan cheol gan spórt gan réim,
I ndaorbhroid 's i bpéin le grá dhuit.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: