Nuair a dh’éiríonn mo sciúirse den stól tá sa chúinne Bíonn raca 'na cúl agus High Dandy Cap Seál cheithre chúinneach a mbíonn ciosa 'na lúbaibh Is í ag bhinceáil na súile 'n gach cúinne a mbíonn fear.
An Curfá: Bímíd ag ól, ag ól, ag ól Bímíd ag ól is ag pógadh na mban Bímíd ag ól is ag rince le ceol Ag mealladh ban óg is á seoladh ar a leas.
Tá mac maoth an bhodaigh sa tír A sparáinín líonta in íochtar a phlaip Nuair a dhéineann sé an t-ól ardaíonn sé an scór Agus deireann go tóstalach 'pósfaidh mé bean'.
In airgead bán níor chuireas aon spá(é)is Ach é a chaitheamh ar mhnáibh agus spórt do bhaint as Mar beidh mé lá an bháis sínte ar an gclár Is ní bheidh agam spártha ach comhra agus brat.
Ag góilt dom síos go hAonach na Maoile Cé chasfaí sa tslí orm nach brídeach chiúin deas Dhruideas go caoin léi is dh'fháisceas lem chroí í ‘S is gairid 'na dhiaidh sin gur bhéic sí ar a mam.
Achainím ar Íosa a céasadh ar an Aoine Nárbh fhada 'bheidh Eibhlís mar iarsma ar Ned Nuair a thagann an oíche is conlaíonn na daoine 'Sea dh’éiríonn go bríomhar is scuabann sí an tigh.
Ag ithe creathán is ag díol na bhfadhbán Ag ceannach scadán is ag tráchtáil ubh cearc Beidh pillín grandálta fé iníon an ghabháltaí 'Sí ag imeacht ar fuaid bochtáin ag cur troscán chun ceant.