Thá siad á reá go bhfuil áil na mban deas orm fhéin Is ar ndú má thá, a dhian-ghrá, níor mhiste liom é Mar do thugas naoi lá, naoi dtráth agus aon tseachtain déag 'Ge tóin tí mo ghrá a' baint áirní dhe bharraí na ngcraobh. Is 'dé chiall ná téann tú in áit éigin, go Sasana Nua Nó oileáinín éigint a luighfinnse seal ar do ghlún Mar do neosfainnse scéal duit á mb'fhéidir go ndéanfá a rún Go bhfuil mo ghrá bán 'om shéanadh, a Dhé ghléigheal 's a Mhuire, nach tú. 'S nár gheibheadsa bás choíche go leigfidh me díom an mí-ádh Go mbeidh ba agam is caoire is cead síneadh go socair lem' ghrá Óra, troscadh na hAoine an lae shaoire ní chuirfinn i bhfáir Is níorbh fhada liom lá 'gus oíche, bheinn sínte is í idir mo dhá láimh. Chonaicíos aréir í is í 'na héadach geal siopa i bhfad uaim Ba chosúil le [sic] gné í le héinín ab' ainm do an chuach Níl ao' gheallúint ab' fhéidir aniar ós na flaithis anuas Ach gur thug sí dona béal is 'na dhia' san gur dh'éala' sí uaim. Thá mo gháirdín ina fhásach, a dhian-ghrá, nó'n mhiste leat é? Na torthaí úd a' fás chomh hard le dilliúr na ngcraobh Ní airím ceol cláirseach sa tsráid seo ná ceiliúr binn na n-éan Ach gur dh'éalaigh mo ghrá uaim chú fánach le héinne sa saol. Thá an cheo 'gus an bhrón go muar a' góilt thimpeall mo chroí Is lán mo dhá láimh de dheoraíocha a' sileadh liom síos Trí ghrá chailín óg a bhreoigh 'gus bhain díom mo chiall Is ní mhairfead bliain beo má phósann sí an Fear Dubh ón Sliabh. Foinse - Máire Bateman, Bean Chúnúin - as an leabhar Scéalta agus Seanchas: Béaloideas agus Cuimhní Cinn ó Ghaeltacht na nDéise le Áine Uí Fhoghlú