Chuas go hAird Mhóir go luath is go moch insa lá, Bhí teachtaire ó Ghraves romham cois taobh na toinne 's í ag trá, Fuaireas gaoth bheag ón séimhfhear nár bhe' leis mo chás, 'S a Thomáisín Uí Mhóra gan gleo ort go bhfaighidh mise bás. Reachas chún siúil trís na cóngair isteach insa lawn, 'S ní raibh ann ar éigint ach gur shaor mé mo dhistance sa pháirc, Nuair a bhí romham an Caedach 's gan aon dabhta dhein sé dhíom bráighe, 'S an préacháinín craorac ag béiceach as cionn mo bhotháin. Tháinig an píléir go dtí mé i gcionn cúpla lá, 'S labhair sé go caoin liom: 'A Mhuiríosa, tair soir go dtí an tsráid, Mar a mbeidh romhat an Rí geal is scríobhfaidh sé Belbong gan spás'. Ní mar sin a bhí, ach mé im chuibhreach go Dún Garbhán. Bhí Mac Chathaláin an Éithigh ann fhéin 's é ag tuilleamh a' phá, Mara thá sé gan aon rud ó léigeas a shickhouse ar lár; Mac Shéamais na Déirce 's gur phrey leis an scilling a dh'fháilt, 'S an préacháinín craorac ag béiceach as cionn mo bhotháin. Chuas go Port Láirge 's bhí an sárfhear 'na sheasamh ann romham, B'é an Governéir lách é is dh'áirimh sé m'ainm 'na leabhar. Labhair sé de bheárr liom chomh hard is bhí aige dhe ghlam, 'Seo fear ó aon áit liom, déin fábhar leis faid a bheir ann'. Chrioth an príosún, tigh na cúirte 's na geataí lem sháil, Ar mo ghóil thar tigh Mhicil Nóra bhí an sciúirse 's í ar sodar lem sháil, Dh'oscail sí an rúm dom is stiúirigh sí mé isteach as a lámha: 'Sin leaba is clúid agat, bí súgach is codail go lá'. Thá mo chairde 's mo ghaolta go léir go fairsing sa tír, Chuireas leitir fí shéala néata, tarraingthe ar scríobh, Ní bhfuaireas aon aon díobh a réitfeadh mé abhaile aníos, Ach aon fhear bocht amháin, is tráchtfaidh mé ar a ainm aríst. Ba dh'é an Gearalthach grámhar é bhí in airde ar ard Bhaile an Phoill, Dúirt 'á bhfaigheadh comrádaí ná fágfadh sé mé acu fí ghreim, Ach anois ó rángaig gur tháinig mé abhaile aníos, Ólfad do shláinte in gach tigh tábhairne do chasfaidh im líon. Foinse - Seán Ó Cléirigh, Barra na Stuac, An Seanphobal ón leabhar Ar Bóthar Dom le Nioclás Breatnach Taifeadtaí Seán Ó Cléirigh - An Grá dod Dhúchas