Cath Chéim an Fhia

Cois abhainn Ghleann an Chéime in Uíbh Laoghaire 'sea bhímse 
Mar a dtéann an fia san oíche chun síor-chodladh só 
Ag machnamh seal liom fhéinig, ag déanamh mo smaointe. 
Ag éisteacht i gcoillte le binnghuth na n-eon 
Nuair a chuala an cath ag teacht aniar 
Is glór na n-each ag teacht le sians 
Le fuaim an airm do chrith an sliabh 
‘S nár mhéin liom a nglór. 
Thánadar go namhadmhar mar a thiocfadh garda de chonnaibh nimhe 
Agus cumha mo chroí na sár-fhir a dh’fhágadar gan treoir.

Níor fhan fear, bean ná páiste i mbun áitrimh na dtíortha 
Ná gártha goil do bhí acu ‘s na mílte olagón 
Ag féachaint ar an ngarda go láidir ‘na dtimpeall 
Ag lámhach ‘s ag líonadh ‘s ag scaoileadh ‘na dtreo. 
An liú gur leath i bhfad i gcéin; ‘sé dúirt gach flaith ‘nár mhaith leis triall 
Gluaisigí go mear tá an cath dá riar, is téimís ‘na chóir. 
Thángadar na sár-fhir, guím áthas ar Chlanna Gael 
‘S thiomáineadar na Pághánaigh le fánai' ar seol.

Ba ghairid dúinn go dtáinig lámh láidir inár dtimpeall 
Gur scaipeadar ár ndaoine ar gach muilinn faoin gceo 
Bhí an Barrach ‘na bhumbáile ‘cu, Barnett agus Beecher, 
Hedges agus Faoitigh, is na mílte eile leo. 
A Rí na bhFeart go leagadh iad gan chliú, gan mheas, gan rath, gan séan. 
Go tinte meara i measc na bpian gan faoiseamh go deo, 
Céad glóire mór le hÍosa nár dhíolamar as a’ dtóir 
Ach a bheith ag déanamh grinn de ‘s á dh'insint ar só.

Máire Bhuí Ní Laoghaire do chum

Taifeadtaí

Nioclás Tóibín – Amhráin Aneas

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: