Tráthnóinín beag déanach is mo thréad agam á chur ón síon, I lúib na coille craobhaí, 's nach aerach mar a bhí mo thriall; Bhí an chuach 's an lon 's an chéirseach ar séirse 's gach nóta fíor, Is i mbun 's i mbarr gach bhéarsa go mbeidh Éire 'ge Cáit Ní Dhuibhir. Tá liosacháinín féir ghlais agam fhéinig 'ge ceann mo thí, Agus bíonn gach maidean ghréine an spéirbhean ann 's í romham 'na suí; Tá leabhar aici dhe'n nGaeluinn 's beagáinín dhen mBéarla thríd, Is i mbun 's i mbarr gach bhéarsa go mbeidh Éire 'ge Cáit Ní Dhuibhir. Tá míle dath 'na clóicín is a bróigín ar dhath an fhraoigh, Is gúna dhen bhfaisean nua uirthi den tsórt úd ' bhíonn ar 'níon an rí; 'Sé dúirt sí, "suigh síos, ' óigfhir, go fóill beag 's ní dhéanfam moill, 'S do raghainnse 'ríst in óige dá mbeadh Fódla 'ge Cáit Ní Dhuibhir". Do shuigh sí ar bhinsín taobh liom 's mo ghéaga do thit liom síos, Do shíleas nárbh aon bhean saolta í 's gur baol dom í theacht im' líon. "An tú Pállas nó an tú Hélen, nó an chéad bhean do bhreoigh mo chroí, Nó an bean tú a mhill na céadta ' raibh gaol aici le Cáit Ní Dhuibhir." "Is bean ró-mhór i bpéin mé 's mo chéile do chuaigh thar toinn, Mo chlann go bhfuil i ndaor-bhroid go tréithlag 's gan phreab 'na gcroí', Ach éireoidh clanna Gaeilge (Gaeil suas) agus léimfidh go mear gach claidheamh, 'S gur b'é túis is deireadh mo scéilse go mbeidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir".
Le clos ag sean-Nioclás Tóibín ar suíomh Taisce Cheol Dúchais Éireann;
https://www.itma.ie/features/playlists/itma-henebry-cylinder-recordings-2