Maidin Luain Chincíse

Maidin Luain Chincíse labhair an síofra sa ngleann
Do bhailíodar na cága chun ábhacht a dhéanamh ann
Do chruinníomar 'na dtimpeall is do lasamar ár dtinte
Agus thógamar ceo draíochta go haoibhinn os a gceann
Is mó baile margaidh agus cathair aoibhin cheoil
Agus cúirt ag na Sasanaigh chun seasamh ann 'nár gcomhair
Beir scéala cruinn abhaile uainn Dé Domhnaigh 'dtí an Aifreann
Gur chun sléibhe a cuireadh chun reatha sinn 'nár seasamh insa ngleo
Dá bhfeicfása an-buachaill 'is an cailín ceannbhuí cas
Do bhíodh ag imeacht suas ar thuairisc na bhfear
Beir scéala cruinn dóibh uaimse go bhfuil Captain Lambert fuar lag
Ar thaobh an tsléibhe go huaigneach gan tuama air ná leac
Cá bhfuilid na Muimhnigh nó an fíor go mairid beo
Ná cruinníd siad 'nár dtimpeall is cabhrú linn sa ngleó
Mar is deacair poirt do striocadh ná clanna búir do dhíbirt
Ón ár mbailte dúchais dílis bhí ag ár sinsir riamh romhainn
Do tháinig aniar ó Chonnacht chugainn céad is míle laoch
An oiread céanna ó Uladh chugainn i bhfoirm cheart 's i bhfaobhar
Suaimhneas lae níor tugadh dóibh gur bhuaileamar bualadh is fiche orthu
'Sé mo léan mar sileadh fuil is cóirp ár bhfear i ndeireadh lae
Beir scéala suas chun Mumhan uaim a rún ghil 'sa stór
Agus inis an scéal fé chumha dóibh go bhful an sciúirse 'nar gcomhair
Mar is mó leanbh fireann fionn geal 'is ainnir mhilis mhúinte
Agus ógfhear cliste lúfar san úir uaim ag feo
Mo léan ar an Mumhain nár éirigh nuair a d'adhnamar an gleo
Fé airm ghreanta ghreadhnmhar i bhfaghairt acu, 'nár gcomhair
D'fhágadar go tréith sinn is neart ár namhad 'nár dtimpeall
Ach grá mo chroí na laighnigh bhad a d'adhain an tine leo

Feic Tóibín, N. Duanaire Déiseach, Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath; 1978

Féach: http://www.seannosbeo.ie/?page_id=274

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: