Ar maidin gach Luain bhí mé ar mearthall suain
Is mé ' féachaint soir ó thuaidh ar na maolchnoic,
'Sea do dh'airigh mé an uaill dá filleadh lastuaidh
Agus glór na ngunnaí móra' á séideadh.
Mara dtiocfaidh cabhair go luath
Beidh an aicme seo go buartha
Fé ghradam rómhór in Éirinn,
Beidh Clanna Gael go fuar fliuch
Ag obair gan a dtuarastal
'S, a Mhuire, nach trua sin Gaeil bhocht'.
Dá bhfeicinnse siúd, a ghunna 'gus a phúits,
A bheilt agus a bhúcla ar ga' haon fhear,
Níorbh bhagrach leann agus ní bheadh aon chúis (nach againne bheadh an dúiseacht?)
Ná cuirfeadh na chúig chúige le chéile; ('á gcuirfeadh an chúig chúig' lena chéile?)
Tiagharnaigh, Brúnaigh, Brianaigh, Búrcaigh,
Gearaltaigh, Cúrsaigh agus Paoraigh
Mac na Mara nár dhiúltaigh
Is Coitearach ró-lúfar
Dá ngearra 's dá mbrú 's a déana' éirling.
Bheadh Murch' ó Laighin dá ngearradh le claidheamh
Agus Siún mac oidhre do Chártha
Beidh a leath ag a Simon
Is a barra bheadh i bpike
Is na Sasanaigh 's a dtoill in airde.
Dá bhfeicinnse an lá bheadh againne an rí-rá
Agus tinte cnámh ag léimrigh
Ar mhull an chnocáin gan eagla gan spleáchas
Is iad á rá nach baol díbh
Reachaimís don stáir úd go Caiseal Ó Cearna
Mar a dtógfaimíst ár n-áras lena chéile
Gur ar i gCarraig Inse Phádraig
Bhíodh sagairt agus bráithre
Is Aifrinn ard' á léamh ann.
Taifeadtaí
Seán Ó Cléirigh - An Grá dod Dhúchas