Cití na gCumann

Is do thánas an baile seo 'réir
Is do bhí sé 'gam déanach go leor
'S mé ar intinn an margadh a dhéanamh
'S ná scarfainn léi féin go deo
Níor tháinig a Daidí chun réitigh
Cár mhiste dom é na dhóibh?
Beirim slán agus beannacht as mo ghaolta
'S ní chasfaidh mé fhéin go deo.

Níor chuireadh romham cuireadh ná fáilte
Ó thánas an tsráid seo thíos
Ón uair a dh'airigh mo ghrá geal
Go dtugas mo láimh do mhnaoi
Is dóigh leo go bhfuilimse pósta
Is dár ndoigh, más doigh, ní fíor
Dar a' leabhar seo 'tá thíos i mo phóca
'S ag mealladh ban óg a bhíos.

Dhéanfainnse cupard ar néatacht nó muilleann a bheadh gléasta ar abhainn,
Bád nó coite dá réir sin a bhéarfadh sinn araon anonn,
Scríobhfainn Laidin nó Gaoluinn chomh cliste le hao' mhac rí,
Is a Dhia nár dheocair bheith daor orm, is go bpósfainn gan ao' rud í.

Is a Chití na gcumann, ná séan mé
Siúil feasta 'gus éalaigh liom
I ngleanntáin coille nó sléibh' amuigh
Beam sealad fá ghéag na gcrann
Do phósfainnse i ngan fhios don saol thú
'S don tsagart dá mb'fhéidir liom
'S mura bhfaighfear sinn ceangailt' in Éirinn
Ó racham araon anonn.


Taifeadtaí

Labhrás Ó Cadhla - Amhráin ó Shliabh gCua
Nioclás Tóibín - Amhráin Aneas

Clos Ciarán Ó Gealbháin ar Chartlann Sean Nóis TG4

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: