Tá gaoth an tuaiscirt ag séideadh aduaidh chughainn Is Phoebus uasal go hard san spéir; Tá an saol go huaibhreach is Gaeil ag gluaiseacht, Na céadta ar tuairisc na trá go tréan. Tá an bhliain 's a saothar im' dhéidhse fhéineach 'S a rian go léircheart ar m-aghaidh gan bhréag. Beidh mo thriall go héasca i ndiaidh mo mhéine Go háth na saorfhear i Rinn na nGael. Bíonn blátha néata ag fás gan traochadh Bíonn barr na gcraobh ann ag déanamh ceoil Is breá í an tréanmhuir ag trá 's a téacht ann Mar a shnámhann na céadta 'dir aosta is óg. Bíonn spóirt is aoibhneas sa ló gan scíth ann Bíonn ceol gach oíche go binn ar ghléas, Is glór na taoide i mbeol na gaoithe Go seoltach sítheach i Rinn na Gael. Bíonn sárfhear suairc ó gach aird aduaidh ann Is cáidhbhean uasal gan chuan gan chám Ag soláthar bua i ngach cáil ba dhual dóibh Sa choláiste mór úd ar bhruach na trá. Tá an t-aer 's an bhóchna, lucht léinn is eolais Ag glaoch go ceolmhar is m'intinn réidh. Ar theacht na nóna bead féin ar bóthar Is is léir é m'eolas go Rinn na nGael. Pádraig Ó Miléadha do chum
Taifeadtaí
Labhrás Ó Cadhla – Amhráin ó Shliabh gCua