Cathair na Léige

Is go Cathair na Léige, mo léan, ba mhinic mé siar,
Ag triall ar mo chéadsearc a thréig mé agus a bhain díom mo chiall,
Mura ndéantar mé a phósadh lem' stór ar an Inid seo chughainn,
Mhuise, titfidh mé i mbrón agus ní dócha go mairfidh mé bliain.

Ná tagadh an cumha ná an brón san timpeall do chroí,
Mar dhéanfainn tú a phósadh ar an gcoróin ó Eaglais Chríost,
B’fhearr liom tú, a óigfhir, gan feoirling agat ins an saol,
Ná fear eile is púint a chuirfeadh cóistí ag rith fúm sa tslí.

Do chroitheas mo láimh leat an lá úd ar fhaiche an Chnoic Bhuí,
Agus shíleas dá bharr ná raibh le fáilt agam ins an saol,
Do thugais an barr leat ó phláinéad an bhrollaigh ghil mhín,
Is ón mbean a thraoch George, an sárfhear meanmnach groí.

Ní dh’aithním an lá ná an bláth seo thagann ar chraoibh,
Ní dh’aithním mo chairde, na sárfhir a sheasaíodh liom riamh,
Ach dh’aithneoinn mo ghrá geal, mo chráiteacht dá dtagadh sí im' líon,
Is go dtóigfeadh ón mbás na táinte lag marbh gan bhrí.

Óra, a Phádraig bháin, a shárfhir ó Scairt na Draighní,
A bhfuilimse i ngrá leat 's ní náire liom t’ainm thabhairt síos,
Raghainn leat thar sáile nó in aon pháirt de Shasana Nua,
Agus séanfam ár gcairde agus go brách ní chasfam arís.


Taifeadtaí

Labhás Ó Cadhla - Amhráin ó Shliabh gCua
Pádraig Ó Cearrbhaill - Seachrán Sí

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: