Ceárta Mhicil de hÓra

I gceártain Mhicil is gnáthach mise
Go bearrtha cimilte gléasta,
An oíche ag titim, mo phíp ar inneall
’S mé im shuí cois boilg ag séideadh.
Bíonn caortha dearga tréana ag preabadh
’Na dtréadaí mallaithe dóite,
Agus sárfhear imeartha ag tiomáint le fuinneamh
I gceártain Mhicil de hÓra.

Níl fál ar barrchrith, báire ar fhaiche,
Ná ráfla a ceapadh sa dúiche,
Ná bíonn á stealladh le líofacht teangan
Is suíomhaint chealgach dúr air,
Is ann a thagann le fonn chun bladair
An mheabhair is fearr sa pharóiste –
Mhuise, b’fhearr de dhuine bheith lá ina gcuileachta
I gceártain Mhicil de hÓra.

Ó Ladhar an Aitinn go Ladhar an Bhealaigh
’S id' radharc go barr Chruacháin theas,
Gach miúil is capall is crúibín asail –
Ansúd a thagann go dtí an cheárta.
Bíonn rámhainne geala agus sleáin, a chara,
Grafáin is spranganna gleoite
Go sásta milis ar scáth an dorais
I gceártain Mhicil de hÓra.

Bíonn Tomás an Chapaill is Seán an Asail
Le dhá shórt seanrud aosta ann,
Mártan searbh na gCránach mallaithe
Is fáinne cealgach géar uaidh,
Iarnaí trucaile ó Liam an Ghlugair
Is cliath ó Dhonncha an Chóta –
Mhuise, chráfadh cuid acu bráithre Mheilearaí
I gceártain Mhicil de hÓra.

Mo ghraidhin é Micil ar aghaidh na tine
Go meidhreach fiosrach cainteach,
Mo ghrá mo chara go láidir tapa
Is é ag láimhsiú hamar le hintinn,
Má thránn sé gloine ag sáil na tine
Is le grá don chuileachta ghleoite é –
An bás id ghaire go brách nár thige
A cheárta Mhicil de hÓra.

Pádraig Ó Miléadha do chum


Taifeadtaí

Labhrás Ó Cadhla - Amhráin ó Shliabh gCua
Cárthach Mac Craith - An Tobar Séimh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: