Nuair a bhíos-sa héin ' dtúis m'óige agus mé ag dul i measc na bhfearaibh
Ní dhéanfadh ao' rud domhsa gan iompó amach im' ghaige,
Thit mé i ngrá le lady a chaitheadh veil is bonnet,
Agus shíl mé go bhfaighinn aoinne ó chaith mé an bríste leathair.
Curfá
'S an tiú ra liú ra leá,
tiú ra leá ra lea dí,
tiú ra liú ra leá -
Seán an bhríste leathair.
Cheannaíos culaith éadaigh = dóthaint rí nó marcaigh,
'S casóig liath den bhréidín agus vest deas gléigeal ceannaí,
Stocaí deas glaschaorach, bróigín ghaelach smeartha,
Hata leathan Quaker agus sceilp de bhríste leathair.
Bhí mé lá ag an aonach 's nuair a bhí mé ag góilt thar standing
Cé chífinn chugham ach lady agus í ag ceannach úll is crackers;
Dhruid sí liom go séimh is thóig sí an veil dá bonnet,
'S is ceart a thug sí féineach fé séap mo bhríste leathair.
Rugas ar bharraí a dhá lámh 's is luath a ghlac an offer -
Isteach go dtí tigh 'n tábhairne ag ól ansúd go maidin;
Níor ligeadh as an áit sinn gur thugadh sinn ' dtí'n sagart,
Agus fuair mé paiste eastáit de bharr mo bhríste leathair.
Nuair a dh'airigh a hathair 's a máthair é chuir garda ar fuaid an bhaile,
Gur fuaireadh mise is Máire i dtigh 'n tábhairne is sinn ag ól leanna,
Níor ligeadh as an áit sinn gur thugadh sinn ' dtí'n sagart,
Agus fuair mé eastát go léir ó Sheán an bhríste leathair.
Dh'fhiarthaigh duine uasal díom cá bhfuair mé an bríste leathair -
Dúirt mé leis gur seithe é a dheineadh de chroiceann reatha,
Ba dheas a ghlúin 's a théip, a vásta agus a phlapa,
Agus ní raibh aon sa tsaol air ach ioscaidí ' bheith craptha.
Nuair a bhí na focail ráite 'gus sinn chun dul abhaile,
N'fheiceofá 'phioc dem lána ach siúl amach go geata,
Bhí míle glór préachán le neadanna i mbarr na gcrannaibh,
Is bhí cearca soir an walk roimh Sheán an bhríste leathair.
Taifeadtaí
Labhrás Ó Cadhla - Amhráin ó Shliabh gCua