Istoíche Dhé Domhna' 's mé a' góilt soir cois trá Cé chasfaí orm san oíche ach Raghaillí an Chúil Bháin A raibh luisne 'na ghruanna is a ghruaig bhuí ' curláil 'Sé mo chumha tú Mhic Uí Raghallaigh, mar a dheineadh tú ' bhá. Is is baintreach 's is maighdean a dhein Dia dhíom go hóg Nó an dté dhíobh a dhaoine mar a bhádh mo dhian stór A raibh luisne 'na ghruanna is a ghruaig bhuí ' curláil 'Sé mo chumha tú Mhic Uí Raghallaigh, mar a dheineadh tú ' bhá. (Dá mbeinnse ann an oíche úd is mo dhá láimh ar an scód M'fhocal duit a Mhic Uí Raghallaigh go leigheasfaí mo bhrón) Is an saor a dhein an bád so a dhá láimh go gcaillfidh Ní hé thabharfainn ciontach, nach an seannta a bhí sa déil. 'Á raghainn go Cionn tSáile d'iarraidh déil a bhí daor, Ó, ní bheadh mo ghrá báite 'ge Sráidín Kildare. (Ar thráigh seo Chuan Léine) 'S is beag a shíleas an lá úd go mbeadh an tsráid seo chún dealbh Dhe shagairt is de bhráithre is iad ag trácht ar ár n-ainm. Bhí ceol fidil ós cionn chláir ann is an chláirseach á fhreagairt Is dháiréag mná bána ' cur mo ghrá-sa chun leapan.
Ó Sean Nós Beo – ó Mary Bateman, An Rinn, Feabhra 2011
Leaganacha idir lúibíní as An Blas Muimhneach 1. 268