Istoíche Dhé Domhna' 's mé a' góilt soir cois trá
Cé chasfaí orm san oíche ach Raghaillí an Chúil Bháin
A raibh luisne 'na ghruanna is a ghruaig bhuí ' curláil
'Sé mo chumha tú Mhic Uí Raghallaigh, mar a dheineadh tú ' bhá.
Is is baintreach 's is maighdean a dhein Dia dhíom go hóg
Nó an dté dhíobh a dhaoine mar a bhádh mo dhian stór
A raibh luisne 'na ghruanna is a ghruaig bhuí ' curláil
'Sé mo chumha tú Mhic Uí Raghallaigh, mar a dheineadh tú ' bhá.
(Dá mbeinnse ann an oíche úd is mo dhá láimh ar an scód
M'fhocal duit a Mhic Uí Raghallaigh go leigheasfaí mo bhrón)
Is an saor a dhein an bád so a dhá láimh go gcaillfidh
Ní hé thabharfainn ciontach, nach an seannta a bhí sa déil.
'Á raghainn go Cionn tSáile d'iarraidh déil a bhí daor,
Ó, ní bheadh mo ghrá báite 'ge Sráidín Kildare. (Ar thráigh seo Chuan Léine)
'S is beag a shíleas an lá úd go mbeadh an tsráid seo chún dealbh
Dhe shagairt is de bhráithre is iad ag trácht ar ár n-ainm.
Bhí ceol fidil ós cionn chláir ann is an chláirseach á fhreagairt
Is dháiréag mná bána ' cur mo ghrá-sa chun leapan.
Ó Sean Nós Beo – ó Mary Bateman, An Rinn, Feabhra 2011
Leaganacha idir lúibíní as An Blas Muimhneach 1. 268
